Plean Áitiúil Eacnamaíochta & Pobail Chontae Chiarraí
Is plean comhtháite é an Plean Áitiúil Eacnamaíochta & Pobail a bheidh mar threoir d’fhorbairt Chontae Chiarraí maidir le hEacnamaíocht, Cultúr, Spóirt, agus Áineas ó 2015 go 2021. Úsáidfear an plean seo chun fócas a thabhairt do ról an Rialtais Áitiúil, na nGníomhaireachtaí Stáit, na hEarnála Pobail, Grúpaí Forbarta Áitiúil agus forais eile a bhfuil baint acu le forbairt Chontae Chiarraí. Tá an plean á stiúradh ag an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil i gcomhpháirt le Coiste um Polasaí Straitéiseach maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Fiontraíocht de chuid Comhairle Contae Chiarraí.
Cad é an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil?
‘Tús Áite do na Daoine’ is ainm do dhoiciméad polasaí a foilsíodh in 2012 ina raibh achoimre ar chuspóir an Rialtais leanúint de phróiseas athchóirithe an Rialtais Áitiúil. Ritheadh na hathruithe a bhí molta ar an bpolasaí i reacht leis an An Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014.
Forálann an tAcht seo do bhunú Coiste Forbartha Pobail Áitiúil [LCDC] i ngach ceantar Údaráis Áitiúil chun cabhrú leis an gcomhoibriú agus chun obair an Rialtais Áitiúil, na nGníomhaireachtaí Stáit, na hEarnála Poiblí, agus Ghrúpaí Forbartha Áitiúil agus fhorais eile a dhíriú ar a gcontae a fheabhsú agus a fhorbairt. Ar an gcoiste seo tá baill ón údarás áitiúil agus baill eile nach iad. Is é chéad phríomhról an LCDC ná creat nó plean a fhorbairt a bheidh mar threoir d’fhorbairt eacnamaíoch agus pobail Chontae Chiarraí go ceann tréimhse 6 bliana.
Cad atá difriúil faoin bPlean Forbartha agus Pobail Áitiúil?
Is comhfhís é an Plean Forbartha agus Pobail Áitiúil do Chontae Chiarraí.
Úsáidfear an plean seo chun fócas a thabhairt do ról an rialtais áitiúil, gníomhaireachtaí éagsúla, daoine aonair agus páirtithe leasmhara atá rannpháirteach i bhforbairt Chontae Chiarraí. Beidh dhé phríomhghné nó cuspóir ag an bplean.
• An fhorbairt eacnamaíoch a chur chun cinn
• An fhorbairt áitiúil agus pobail a chur chun cinn.
Tá an plean á stiúradh ag an nGrúpa Stiúrtha Comhairleach.
Déanfaidh an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil forbairt na nGnéithe Pobail den Phlean a mhaoirsiú agus a fhaomhadh agus déanfaidh an Coiste um Polasaí Straitéiseach maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Fiontraíocht maoirsiú ar fhorbairt na nGnéithe Eacnamaíocha den Phlean. Déanfaidh na baill tofa an plean ina iomláine a fhaomhadh. Tá ionadaíocht ar an gcoiste ó ghrúpaí sainleasmhara agus ó bhaill den phobal.
Bunphrionsabail laistiar den LECP
Cur chun cinn agus príomshruthú an chomhionannais
Inbhuanaitheacht – Geilleagar atá níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de, níos glaise agus níos cuimsithí
Torthaí a uasmhéadú trí chomhar, comhoibriú agus tríd an dúbailt a sheachaint
Pleanáil rannpháirtíoch - a chinnteoidh rannpháirtíocht agus comhairliúchán éifeachtach sa phróiseas pleanála
Comhairliúchán agus Caidreamh Pobail
Prionsabail Forbartha Pobail – dul i ngleic le eisiamh sóisialta agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd is mó atá ar an imeall
Rochtain agus Úinéireacht – scríofa go soiléir gonta.
Conas atá an plean á fhorbairt?
Tá an Plean Eacnamaíochta agus Pobail Áitiúil á fhorbairt go leanúnach le roinnt míosa anuas agus tá Cém 1 nach mór críochnaithe. Táimid anois ag lorg tuairimí an phobail maidir lenár gcuid oibre go dtí seo, chun treoir a thabhairt don chéad chéim eile den phlean forbartha.
Tá cúig chéim i bhforbairt an LECP mar a leanas:

Tá LECP Chontae Chiarraí ag Céim 1 thuas faoi láthair. Cuireadh Dréachtdoiciméad Creat Comhairliúcháin le chéile maidir leis an LECP i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara/gníomhaireachtaí, ag cur san áireamh polasaí náisiúnta agus áitiúil ábhartha agus sonraí taighde.
Cad a tharla go dtí seo?
Tá an chéad chéim den Phlean Eacnamaíochta & Pobail, ullmhú an phróifíl soch-eacnamaíoch, forbartha ag an bhfoireann inmheánach taighde faoi stiúir an Dr. Noreen O’Mahony & Marguerite Enright. Beidh sé seo ar fáil ag www.kerrycoco.ie mar chuid den chéim chomhairliúcháin phoiblí den phlean, a bhfuil sé i gceist go dtosóidh sé ón 29 Bealtaine 2015. Tá taighde sa bhreis ar siúl ag Brendan O’Keeffe, Ollscoil Luimnigh i bpáirt le David Meredith ó Theagasc maidir le “Athruithe i gCiarraí a Thuiscint, 1991 - 2011” - Próifíl ar Lucht Saothair, Tionsclaíocht agus Oideachas, agus na ceangail idir díth agus cailliúint seirbhísí.
Tá ráiteas socheacnamaíoch agus spriocanna ardleibhéil forbartha agus faofa ag an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil agus an Coiste um Polasaí Straitéiseach maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Fiontraíocht.
Tá tús curtha leis an bpróiseas maidir le caidreamh le páirtithe leasmhara le hócáid a thionóil an tÚdarás Forbartha Tionscail (IDA) agus Fiontraíocht Éireann (EI) “Fóram Eacnamaíoch Chiarraí”, saotharlann LCDC agus bunú Ghrúpa Stiúrtha Comhairleach. As na comhráite seo forbraíodh trí théama comhbhainteacha.
Forbrófar an ráiteas socheacnamaíoch/na spriocanna ardleibhéil don chontae bunaithe ar na trí théama mar a leanas;
Forbairt Eacnamaíoch & Cruthú Post Geilleagar láidir éagsúil a chur chun cinn, le tacaíocht ó mhúnla oideachais agus oiliúna atá dea-fhorbartha, a chothóidh daonra inbhuanaithe agus bríomhar ar fud an chontae.
Cáilíocht Beatha
Ardcháilíocht beatha a chur chun cinn, bunaithe ar thimpeallacht nádúrtha ghlan, seirbhísí áitiúla d’ardcháilíocht, gaol dlúth leis an áit agus rannpháirtíocht éifeachtach maidir le cinntí a dhéanamh.
Pobal & Cuimsiú Sóisialta
Cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn agus neamhionannas sóisialta a laghdú, ag díriú isteach go háirithe ar cheantair agus ar phobail i gCiarraí ina bhfuil míbhuntáiste sóisialta, ar ghrúpaí ar an imeall nó atá i mbaol eisiaimh.
Beidh an Ráiteas Socheacnamaíoch agus na spriocanna ardleibhéil mar a chuirtear inár láthair anseo iad agus arna leasú ag an LCDC agus an Coiste um Polasaí Straitéiseach maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Fiontraíocht mar bhonn don chomhairliúchán poiblí.
Tá Straitéis Turasóireachta do Chiarraí á forbairt i gcomhpháirt leis an LECP. Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí tosaithe maidir leis an straitéis seo.
Cad air a bhfuil an Comhairliúchán Poiblí bunaithe?
Forbraíodh dréachtdoiciméad creata bunaithe ar na príomhthosaíochtaí d’fhorbairt shóisialta, pobail agus eacnamaíoch an chontae mar a fheictear do na páirtithe leasmhara iad. Aithníodh na spriocanna ardleibhéil agus tá achoimre díobh seo doiciméad seo.
Tá Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chiarraí, in éineacht le Comhairle Contae Chiarraí ag lorg do thuairimí faoi na príomhthosaíochtaí/spriocanna ardleibhéil agus na gníomhartha atá riachtanach chun tacú leis an bhforbairt eacnamaíoch agus pobail i gCo. Chiarraí agus lena cur chun cinn sna sé bliana amach romhainn.
Tugtar cuireadh duit páirt a ghlacadh sa phróiseas seo mar shaoránach aonair nó mar bhall de phobal, foras cultúrtha, spóirt/fóillíochta, mar ghnó, foras poiblí nó grúpa mionlaigh.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh mar seo:
Formáid Scríofa - Tá doiciméad comhairliúcháin maidir le dréachtchreat ar fáil ar an leathanach seo nó tá leagan ar fáil le híoslódáil agus le comhlánú.
Freastal ar cheann de na hImeachtaí Éascaithe Pobail mar a leanas:
Trá Lí: Déardaoin, 4 Meitheamh ag Ionad na Seirbhísí Comhtháite, Lána an Déin, Tobar Mhaigh Dor, Trá Lí ag 7.30pm (Áras an Phobail)
Lios Tuathail: Dé Máirt, 9 Meitheamh ag Ionad Acmhainní Teaghlaigh Lios Tuathail, Bóthar Sheáin B. Uí Chatháin, Lios Tuathail ag 7.30pm
Cill Orglan: Déardaoin, 11 Meitheamh ag Seomra na gCruinnithe Poiblí, Lárionad Seirbhísí Cheantar Chill Orglan ag 7.30pm
Cill Airne: Déardaoin, 18 Meitheamh i Leabharlann Chill Airne, Bóthar na Carraige, Cill Airne ag 7.30pm
Freastal ar cheann de chruinnithe an Ghrúpa Fócais - sonraí ceangailte.
Tá sé tábhachtach gur plean fónta láidir é seo ina dtugtar léargas ar riachtanais agus ar thosaíochtaí mhuintir Chiarraí, bí cinnte mar sin go gcloisfear do thuairimí trí fhreastal ag an gcruinniú nó trí aighneacht a dhéanamh.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar líne, ar r-phost nó tríd an bpost go LECP Chontae Chiarraí agus seol é go dtí:
Micheál Ó Scannail, Príomhoifigeach LCDC, Comhairle Contae Chiarraí, Áras an Chontae, Trá Lí.
R-phost: [email protected]
Dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí: 30 Meitheamh 2015